Táimid i gcroílár aistriú fuinnimh na hÉireann - ag déanamh na heangaí leictreachais a nascadh, a oibriú agus a athrú ó bhonn chun tacú le todhchaí ísealcharbóin, inbhuanaithe.
Táimid ag tógáil foirne cumasacha a théann i ngleic le dúshláin an fhíorshaoil gach lá agus a chuidíonn linn ár sprioc chun an eangach a ullmhú chun 80% de leictreachais na hÉireann a iompar ó fhoinsí in-athnuaite.
Is cúis mórtais dúinn é gur bronnadh teastas ‘Áit Iontach Le Bheith Ag Obair Ann’ orainn, lenar aithníodh ár gcultúr atá bunaithe ar iontaobhas, comhoibriú agus ionchuimsitheacht. In EirGrid, tiocfaidh tú ar fhoirne tacúla, deiseanna fáis agus obair fhiúntach. Cuirimid fostaíocht shlán ar fáil le raon leathan beartas oibre solúbtha, a thacaíonn le teaghlaigh chun cuidiú leat ó thaobh cúrsaí saoil agus folláine de. Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin méid atá ar fáil in EirGrid duit, tabhair cuairt ar Life at EirGrid.
Má tá tú réidh chun difear a dhéanamh agus cur le do ghairm in eagraíocht faoi stiúir cuspóra, tosaíonn d’aistear anseo.
Cuspóir an Róil
Tá EirGrid ceadúnaithe le feidhmiú mar Oibritheoir Córais Tarchurtha (OCT) leictreachais na hÉireann agus mar Oibritheoir Margaidh (OM) sa chóras trádála mórdhíola in Éirinn. Tá punann idirnascairí rialaithe trasteorann ag EirGrid atá ag fás agus tá sé i mbun úinéireachta agus oibríochta ar an Idirnascaire Soir Siar (EWIC) Cábla Srutha Dhírigh Ardvoltais (SDAV) 500 MW chuig an mBreatain Bheag agus tá sé i mbun forbartha i gcomhpháirt ar an nasc idir Éire agus an Fhrainc leis an Idirnascaire Ceilteach 700 MW SDAV. Tá sé freagrach freisin as idirnascairí ceannaithe HVD&C atá beartaithe, amhail idirnascairí Greenlink agus Mares, a chomhtháthú le córas agus margadh cumhachta na hÉireann chomh maith le deiseanna a shainaithint chun idirnascairí nua a chomhtháthú leis an mBreatain Mhór, an Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír agus an Spáinn.
Tá an Stiúrthóireacht Oibríochtaí & Bainistíochta Sócmhainní comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála. Bainistíonn siad le chéile feidhmiú an chórais agus an mhargaidh chumhachta, ag cinntiú go bhfanann na soilse air ar bhealach slán, iontaofa, inbhuanaithe agus eacnamaíoch. Tá an Stiúrthóireacht freagrach freisin as claochlú córas agus margaí tarchurtha a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais úsáideoirí leictreachais amach anseo, lena n-áirítear úsáid optamach as idirnascairí chun slándáil soláthair a fheabhsú agus spleáchas ar ghiniúint atá dian ar charbón a laghdú, i gcomhréir le Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnascacht Leictreachais 2023 de chuid an Rialtais.
Déanfaidh an Stiúrthóir Tionscadail Oibríochtaí agus Cothabhála ceannaireacht straitéiseach agus maoirseacht ar chomhlánú ceann go ceann i gcomhair chreata na hullmhachta oibríochtúla, an chomhtháthaithe sócmhainní agus na cothabhála leanúnaí ar fud phunann idirnascachta EirGrid, a leagfar béim go príomha ina leith ar an Idirnascaire Ceilteach. Cinnteofar sa ról go n-ailíneofar na sreafaí oibre teicniúla, tráchtála, rialála agus airgeadais chun tacú le hoibriú slán, sábháilte agus éifeachtúil na n-idirnascairí, agus garspriocanna cláir á gcomhlíonadh i gcomhréir le Clár na Margaí Straitéiseacha (CMS), an Clár um Ullmhacht Oibríochtúil an Idirnascaire Cheiltigh (CUOIC) agus tionscnaimh chomhtháthaithe mhargadh na hEorpa i gcoitinne.
Ról ceannaireachta sinsearaí is ea seo ina mbeidh gá rialachas láidir cláir, maoirseacht láidir airgeadais agus bainistíocht láidir páirtithe leasmhara i leith feidhmeanna inmheánacha agus comhpháirtithe seachtracha araon. Mar ghné ríthábhachtach den ról, forbrófar agus coinneofar caidrimh oibre éifeachtúla le RTÉ, Airgeadas agus Rialáil, Coreso agus páirtithe leasmhara gaolmhara eile i dtaca le cur i ngníomh oibríochtúil, maoiniú, faomhadh rialála agus socruithe trasteorann.
Stiúrfaidh an té a cheapfar cur i ngníomh ullmhacht na nOibríochtaí agus na Cothabhála agus aistriú na sócmhainní idirnascachta go céim an oibrithe foistine. Áireofar leis sin a chinntiú go ndéanfar straitéisí bainistíochta sócmhainní, próisis oibríochtúla, socruithe comhtháthaithe margaidh agus córais tacaíochta a fhorbairt, a chomhtháthú agus a ailíniú ar fud na ndlínsí. Comhordóidh an té a cheapfar cuid mhór cláir agus páirtithe leasmhara casta, agus comhtháthú éifeachtach á chinntiú idir an tógáil, an ullmhacht oibríochtúil, na creata tráchtála agus an faomhadh rialála. Feidhmeoidh siad mar an ceannasaí sinsearach cuntasach chun a chinntiú go n-aistreofar na hidirnascairí go sábháilte éifeachtúil ó chur i ngníomh na dtionscadal go dtí an seirbhísiú oibríochtúil. Cinnteoidh siad rialachas láidir airgeadais freisin, lena n-áireofar cur i ngníomh na gclár a ailíniú le buiséid fhaofa, creata maoinithe faofa agus sásraí faofa um aisghabháil costas rialála.
Chun go n-éireoidh go maith sa ról, ní mór cásanna gnó agus próisis rialachais láidre a fhorbairt chun argóintí áititheacha oibríochtúla, teicniúla agus airgeadais a léiriú. Ról ardphróifíle is ea seo ó thaobh ullmhacht theicniúil agus tráchtála ar leibhéal sinsearach de. Mar thoradh air sin, tá scileanna eisceachtúla cumarsáide agus an cumas coincheapa teicniúla agus anailís a chur in iúl do lucht féachana neamhtheicniúil sinsearach agus do cheannairí gnó ríthábhachtach. Cinnteoidh an té a cheapfar go ndéanfar oibríochtaí trasteorann an chórais agus an mhargaidh chumhachta, lena n-áirítear comhtháthú an mhargaidh leictreachais aonair (MLA) i margaí na hEorpa, a ailíniú agus a optamú ar mhaithe le tomhaltóirí na hÉireann.
Beidh an té a cheapfar don ról paiseanta i leith aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha an Ghrúpa a bhaint amach, go háirithe le haghaidh idirnascachta, agus an ról is féidir a bheith acu maidir le treoir agus tionchar a imirt ar chomhtháthú agus claochlú an chórais cumhachta do na glúnta atá le teacht.
Príomhfhreagrachtaí:
Ceannaireacht Clár & Tionscadal-
Ceannaireacht fhoriomlán agus ráthú foriomlán cur i ngníomh a chur ar fáil ar fud shreafaí oibre na nOibríochtaí agus na Cothabhála don Idirnascaire Ceilteach.
-
Feidhmiú mar úinéir sinsearach cuntasach i dtaca le hullmhacht oibríochtúil agus aistriú cothabhála, agus ailíniú á chinntiú idir CMS, CUOIC, Samhail na hEangaí Coitinne (SEC) agus cláir ghaolmhara.
-
Cur i ngníomh comhtháthaithe a spreagadh ar fud na sreafaí oibre teicniúla, margaíochta, rialála agus tráchtála, agus comhsheasmhacht á cinntiú idir amlínte, spleáchais agus rioscaí.
-
Rialachas láidir cláir a chinntiú, lena n-áireofar rialú buiséad, bainistíocht rioscaí, ráthú caighdeáin agus tuairisciú do leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus an Bhoird shinsearaigh.
Comhtháthú Oibríochtaí & Sócmhainní-
Maoirseacht a dhéanamh ar an aistriú ó thógáil go hoibríochtaí, lena n-áireofar aistriú, coimisiúnú, tástáil agus comhtháthú oibríochtúil na sócmhainní.
-
A chinntiú go ndéanfar gach aon phróiseas, nós imeachta, uirlis agus córas oibríochta is gá d’oibriú na n-idirnascairí SDAV a fhorbairt, a thástáil agus a chur i bhfeidhm.
-
Bunú creat fadtéarmach um Oibríochtaí agus Cothabháil a spreagadh, agus straitéisí sócmhainní, pleanáil um briseadh cumhachta agus bainistíocht saolré ina measc.
-
Ailíniú a chinntiú idir oibríochtaí córais fíor-ama, seachadadh idirnascairí agus oibríochtaí margaidh.
Bainistíocht Páirtithe Leasmhara & Caidreamh-
Caidrimh oibre éifeachtúla a fhorbairt agus a choinneáil le RTÉ, agus ailíniú á chinntiú i dtaca le comhshocruithe oibríochtúla, ullmhacht sócmhainní agus comhordú trasteorann.
-
Oibriú go dlúth leis an bhfoireann Airgeadais chun a chinntiú gur láidir an rialachas airgeadais, an rialú costas, aisghabháil na gcostas rialála agus an t-ailíniú le creata maoinithe.
-
Dul i bpáirt leis an bhfoireann Rialála chun gach aon oibleagáid, faomhadh, téarma agus coinníoll nó modheolaíocht agus forbairt beartais i dtaca le rialáil a ailíniú le cur i ngníomh na gclár agus an ullmhacht oibríochtúil.
-
Ionadaíocht a dhéanamh do EirGrid ag fóraim shinsearacha sheachtracha, lena n-áireofar Comhghrúpaí Stiúrtha, Boird Chláir agus imeachtaí le páirtithe leasmhara Eorpacha.
Comhtháthú Tráchtála & Rialála-
Comhordú a dhéanamh ar shocruithe tráchtála an oibrithe idirnascairí, agus ullmhacht mhargaidh, creata socraithe agus comhaontuithe trasteorann ina measc.
-
Maoirseacht a dhéanamh ar chomhtháthú próiseas airgeadais sna gníomhaíochtaí oibríochtúla, agus trédhearcacht agus comhlíonadh i dtaca le creata rialála á gcinntiú.
-
Tacú le straitéisí rannpháirtíochta rialála agus tionchar a imirt orthu, agus ailíniú á chinntiú idir amlínte um chur i ngníomh clár agus faomhadh rialála.
Rioscaí, Rialachais & Árachas-
Aithint, bainistiú agus maolú réamhghníomhach i leith rioscaí cláir a stiúradh, go háirithe i dtaca leo siúd a eascraíonn as spleáchais trasteorann agus sriantachtaí rialála.
-
A chinntiú go mbíonn conairí cuí géaraithe agus cinnteoireachta i bhfeidhm ar fud struchtúir an rialachais shinsearaigh.
-
Ráthaíocht a thabhairt go gcomhlíonfar gach aon bheartas, oibleagáid dlí agus ceanglas rialála ábhartha roimh an gcur i ngníomh oibríochtúil.
Ceannaireacht & Bainistíocht Foirne-
Ceannaireacht, stiúradh agus maoirseacht a chur ar fáil d’fhoirne ildisciplíneacha ar fud réimsí na hinnealtóireachta, na tráchtála, na rialála agus na n-oibríochtaí.
-
Cultúr ardfheidhmíochta a chothú atá dírithe ar thorthaí a bhaint amach, ar chuntasacht agus ar fheabhsú leanúnach.
-
Comhordú le hacmhainní inmheánacha agus seachtracha chun an úsáid is fearr a bhaint astu agus iad a ailíniú ar an mbealach is fearr le tosaíochtaí cláir.
Ionchur Straitéiseach-
Cur le stiúradh straitéiseach na hidirnascachta in EirGrid, go háirithe i dtaca le comhtháthú oibríochtúil agus rannpháirtíocht i margadh na hEorpa.
-
Claochlú na gcleachtas agus na bpróiseas oibríochtúil a stiúradh i gcomhréir le Straitéis an Ghrúpa.
-
Feidhmiú mar phríomhphointe um ghéarú ar ghníomhaíochtaí teicniúla comhtháthaithe agus rioscaí a bhainistiú, agus é á chinntiú go gcuirfear an Ceann Idirnascachta agus na Boird agus na Stiúrthóirí ábhartha ar an eolas maidir leis na gnóthaí ábhartha uile.
-
Cóitseáil agus meantóireacht a dhéanamh ar bhaill foirne chun acmhainn na foirne tástála a mhéadú chun saineolas agus treoir theicniúil a chur ar fáil, lena n-áireofar sainoiliúint ardchaighdeáin a chur ar speisialtóirí sinsearacha agus ar pháirtithe ábhartha maidir le bainistíocht agus cleachtais ardán agus córas fiontraíochta.
Comhairliúchán agus ceardlanna comhroinnte eolais le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha a threorú i réimse na gcóras agus na bpróiseas TF a bhaineann le cumhacht agus margaí, agus ionadaíocht á déanamh don fhoireann ag imeachtaí seachtracha agus comhdhálacha an tionscail.
Saineolas, Scileanna agus Taithí-
Ní mór céim ollscoile san innealtóireacht, sa TF nó i réimse ábhartha eile agus, go tipiciúil, taithí ábhartha 8+ mbliana (agus Máistreacht go hidéalach) a bheith agat in éineacht le taithí shuntasach ar chomhlíonadh cláir agus oibríochtaí córas nó bainistíocht sócmhainní.
-
Fianaise ar thaithí ar bhainistíocht páirtithe leasmhara sinsearacha, go háirithe le OCTanna (m.sh. RTÉ), rialtóirí agus páirtithe leasmhara airgeadais.
-
Taithí ar rialachas airgeadais, buiséadú agus rialú costas, go hidéalach i dtimpeallachtaí rialáilte.
-
Tuiscint láidir chruthaithe ar gach réimse d’innealtóireacht córas cumhachta agus margaí trasteorann, lena n-áirítear teicneolaíocht, uirlisí TF, seirbhísí agus socruithe SDAV.
-
An cumas ceannaireacht theicniúil a chur ar fáil agus oibriú laistigh de thimpeallacht atá ríthábhachtach don ghnó agus spriocdhátaí dochta a chomhlíonadh ag an am céanna.
-
An cumas daoine eile a threorú, a chur ina luí agus tionchar a imirt orthu i dtreo fís nó sprioc choiteann, trí scileanna forbartha cumarsáide agus taidhleoireachta, lena n-áirítear idirbheartaíocht agus réiteach coinbhleachta nuair is gá.
-
Cumarsáidí eisceachtúil, atá in ann coincheapa agus anailís theicniúil, chonarthach agus tráchtála a chur in iúl do lucht féachana teicniúil agus neamhtheicniúil agus do cheannairí gnó sinsearacha, agus is féidir leis tionchar a imirt ar dhaoine eile, iad a spreagadh agus comhoibriú leo chun cuspóirí idirnaisc a bhaint amach.
-
Athrú dírithe, athléimneach, nuálach agus compordach le débhríocht
-
Taifead rian ar smaointe nuálacha, réitigh nó bealaí nua a cheapadh agus a thabhairt isteach chun rudaí a dhéanamh chun fadhbanna gnó a réiteach, comhoibriú le saineolaithe ar an mbealach.
-
Taithí láidir chruthaithe ar riachtanais tráchtála agus theicniúla a dhearadh agus a chomhtháthú i bpleananna gnó.
-
Cumas sármhaitheas agus cáilíocht a thiomáint i ngach réimse freagrachta de réir fhís agus straitéis na cuideachta, ag aithint agus ag glacadh le dea-chleachtas.
-
Tiomantas d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach a léiriú.
We are at the heart of Ireland’s energy transition - connecting, operating and transforming the electricity grid to support a low carbon, renewable future.
We are building talented teams that tackle real world challenges every day and help us to achieve our goal to prepare the grid to carry up to 80% of Ireland’s electricity from renewable sources.
We are proud to be a certified Great Place to Work, recognised for our culture built on trust, collaboration and inclusion. At EirGrid you will find supportive teams, opportunities to grow and meaningful work. We also offer secure employment with a range of flexible and family friendly working policies to support your life and wellbeing. If you want to know more about what EirGrid has to offer you, visit Life at EirGrid.
If you are ready to make an impact and grow your career in a purpose-led organisation, your journey starts here.
Job Purpose
EirGrid holds licenses as the independent electricity Transmission System Operator (TSO) and Market Operator (MO) in the wholesale trading system in Ireland. EirGrid also has a growing portfolio of regulated cross-border interconnectors and is the owner and operator of the 500 MW High Voltage Direct Current (HVDC) East West Interconnector (EWIC) to Wales and is jointly developing the 700 MW HVDC Celtic Interconnector link between Ireland and France. It is also responsible for the integration of proposed merchant HVDC interconnectors such as the Greenlink and Mares Interconnectors to the Irish power system and market, as well as the identification of opportunities for new interconnectors to Great Britain, France, Belgium, the Netherlands and Spain.
The Operations & Asset Management Directorate comprises highly skilled professionals with backgrounds in engineering and business/commerce. Together they manage the operation of the power system and market, ensuring that the lights stay on in a secure, reliable, sustainable and economic way. The Directorate is also responsible for the implementation of transmission system and market transformation to meet the future needs of electricity users, including the optimal use of interconnectors to enhance security of supply and reduce reliance on high carbon generation, in line with the Government’s National Policy Statement on Electricity Interconnection 2023.
The
Operations & Maintenance Project Director will provide strategic leadership and end-to-end delivery oversight for the operational readiness, asset integration and ongoing maintenance frameworks across EirGrid’s interconnection portfolio, with a primary focus on the Celtic Interconnector. The role will ensure alignment across technical, commercial, regulatory and financial workstreams to support the safe, secure and efficient operation of HVDC interconnectors, while delivering programme milestones in line with the Strategic Markets Programme (SMP), Celtic Operational Readiness Programme (CORP) and wider European market integration initiatives.
This is a senior leadership role requiring strong programme governance, financial oversight and stakeholder management across internal functions and external partners. A critical element of the role is the development and maintenance of effective working relationships with RTE, Finance and Regulation, Coreso and other related stakeholders ensuring alignment on operational delivery, funding, regulatory approvals and cross-border arrangements.
The role holder will lead the delivery of Operations & Maintenance readiness and transition into steady-state operation for interconnection assets. This includes ensuring that asset management strategies, operational processes, market integration arrangements and supporting systems are developed, integrated and aligned across jurisdictions. They will coordinate multiple complex programmes and stakeholders, ensuring effective integration between construction, operational readiness, commercial frameworks and regulatory approvals. The role will act as the senior accountable lead for ensuring that interconnectors transition safely and efficiently from project delivery into operational service. The role holder will also ensure strong financial governance, including alignment of programme delivery with approved budgets, funding frameworks and regulatory cost recovery mechanisms.
The ability to develop strong business cases and governance processes to demonstrate compelling operational, technical and financial arguments will be key to success in the role. This is a high-profile role for technical and commercial readiness at a senior level. As a result, exceptional communication skills and an ability to articulate technical concepts and analysis to senior non-technical audiences and business leaders is essential. The role holder will ensure that cross-border power system and market operations, including the reintegration of the SEM into European markets, are aligned and optimised for the benefit of Irish consumers.
The role holder will be passionate about delivery of the strategic aims and objectives of the Group, particularly for interconnection, and the role they can play in leading and influencing the integration and transformation of the power system for future generations.
Key Responsibilities:
Programme & Delivery Leadership-
Provide overall leadership and delivery assurance across Operations & Maintenance workstreams for the Celtic Interconnector.
-
Act as senior accountable owner for operational readiness and maintenance transition, ensuring alignment across SMP, CORP, CGM and associated programmes.
-
Drive integrated delivery across technical, market, regulatory and commercial workstreams, ensuring consistency across timelines, dependencies and risks.
-
Ensure robust programme governance, including budget control, risk management, quality assurance and reporting to senior management and Board level.
Operations & Asset Integration-
Oversee the transition from construction to operations, including asset handover, commissioning, testing and operational integration.
-
Ensure that all operational processes, procedures, tools and systems required for HVDC interconnector operation are developed, tested and implemented.
-
Drive the establishment of long-term Operations & Maintenance frameworks, including asset strategies, outage planning, and lifecycle management.
-
Ensure alignment between real-time system operations, interconnector dispatch and market operations.
Stakeholder & Relationship Management
- Develop and maintain effective senior working relationships with RTE, ensuring alignment on joint operational arrangements, asset readiness and cross-border coordination.
-
Work closely with Finance to ensure strong financial governance, cost control, regulatory cost recovery and alignment with funding frameworks.
-
Partner with Regulation to ensure all regulatory obligations, approvals, TCMs and policy developments are aligned with programme delivery and operational readiness.
-
Represent EirGrid at senior external forums including Joint Steering Groups, Programme Boards and European stakeholder engagements.
Commercial & Regulatory Integration-
Coordinate delivery of commercial arrangements associated with interconnector operation, including market readiness, settlement frameworks and cross-border agreements.
-
Oversee integration of financial processes into operational activities, ensuring transparency and compliance with regulatory frameworks.
-
Support and influence regulatory engagement strategies, ensuring alignment between programme delivery timelines and regulatory approvals.
Risk, Governance & Assurance-
Lead proactive identification, management and mitigation of programme risks, particularly those arising from cross-border dependencies and regulatory constraints.
-
Ensure appropriate escalation and decision-making pathways are in place across senior governance structures.
-
Provide assurance that all relevant policies, legal obligations and regulatory requirements are met prior to operational go-live.
Leadership & Team Management-
Provide leadership, direction and oversight to multidisciplinary teams across engineering, commercial, regulatory and operational domains.
-
Foster a high-performance culture focused on delivery, accountability and continuous improvement.
-
Coordinate internal and external resources to ensure optimal utilisation and alignment with programme priorities.
Strategic Contribution-
Contribute to the strategic direction of interconnection within EirGrid, particularly in relation to operational integration and European market participation.
-
Lead transformation of operational practices and processes in line with Group Strategy.
-
Act as a key point of escalation for integration related technical activities and manage Risks, ensuring that the Head of Interconnection, and relevant Boards and Directors are fully informed across all relevant matters.
-
Coach and mentor staff and grow testing team’s capability to provide technical expertise and guidance including delivery of advanced and bespoke training to senior specialists and relevant parties on enterprise platform and system management and practices.
-
Lead consultations and knowledge sharing workshops in the area of power and market related IT systems and processes with internal and external stakeholders, representing the team at external events and industry conferences.
Knowledge, Skills and Experience-
You will have a university degree in Engineering, IT or other equivalent degree, typically with 8+ years relevant experience (Masters preferred), with significant experience in programme delivery, power system or market operations or asset management.
- Demonstrated experience in senior stakeholder management, particularly with TSOs (e.g. RTE), regulators and financial stakeholders.
- Experience in financial governance, budgeting and cost control, ideally within regulated environments.
- Established and strong understanding of all aspects of power system engineering and cross-border markets including HVDC technology, IT tools, services and arrangements.
-
Ability to provide technical leadership and work within a business-critical environment while meeting strict deadlines.
-
Ability to successfully guide, persuade and influence others towards a common vision or goal, through developed skills of communication and diplomacy, including negotiation and conflict resolution when required.
-
Exceptional communicator, able to articulate technical, contractual and commercial concepts and analysis to technical and non-technical audiences and senior business leaders, and can influence, inspire and collaborate with others to deliver interconnection objectives.
- Change oriented, resilient, innovative but uncomfortable with contract ambiguity
-
Track record of conceiving and introducing innovative ideas, solutions or new ways of doing things to solve business problems, collaborating with experts along the way.
-
Proven strong experience of the design and integration of commercial and technical requirements into business plans.
-
A tenacity to drive excellence and quality in all areas of responsibility in line with the company vision and strategy, identifying and embracing best practice.
-
Demonstrate commitment to continuous professional development.
Closing date for applications
31/07/2026
Please note we receive a high volume of applications, and as every application is carefully reviewed our response time may vary. If you agree to be considered for other roles this may result in a delayed response as we establish the best fit for your experience. We appreciate your patience.
We value potential as much as experience. If you believe you can succeed in this role, we encourage you to apply, even if you don’t meet every requirement.
We're dedicated to diversity and inclusion at EirGrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.