Deputy Director of Health Technology Assessment
Location: Cork, Dublin or Galway
Grade: Principal Officer
Tenure: Specified Purpose Contract (Maternity Cover)
The purpose of this role is to join a multidisciplinary team with responsibility for the effective implementation of HIQA’s programmes to deliver high quality health technology assessments, other evidence-based advice and evidence synthesis outputs, and therefore to embed evidence-based methodology in the health decision-making processes in Ireland. The HTA Directorate, overall, comprises approximately 60 analysts.
HIQA works collaboratively with high-level stakeholders, with academic groups and with HTA agencies from other countries to deliver on these objectives. The scope of the HTA Directorate’s work includes providing evidence synthesis and evidence-based advice to inform public health policy and providing HTAs to inform decision making on investment or disinvestment in health technologies and programmes, including decisions in relation to national screening and national immunisation programmes. The Deputy Director will actively engage in the work of the HTA directorate and of HIQA to deliver on the annual business plan in line with the strategic objectives as outlined in HIQA’s Corporate Plan.
Essential:
- A postgraduate degree (Masters, PhD) in a relevant area such as health services research, health economics, statistics or mathematics (or in a health-related science with a high content in health services research)
and
- a minimum of ten years of experience in relevant health services research.
Benefits of working at HIQA:
- 30 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme.
The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 22nd June 2026. Only web applications fully completed will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.
Leas-Stiúrthóir ar an Measúnú Teicneolaíochta Sláinte
Láthair: Corcaigh, Baile Átha Cliath nó Gaillimh
Grád: Príomhoifigeach
Tionacht: Conradh Sainchuspóireach (Clúdach Máithreachais)
Is é cuspóir an róil seo bheith mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach atá freagrach as cur chun feidhme éifeachtach chláir HIQA chun measúnuithe teicneolaíochta sláinte ardcháilíochta, comhairle eile fhianaisebhunaithe agus aschuir sintéis fianaise a sholáthar, agus dá bhrí sin modheolaíocht fhianaisebhunaithe a leabú i bpróisis chinnteoireachta sláinte in Éirinn. Tá Stiúrthóireacht HTA, ar an iomlán, comhdhéanta de thimpeall ar 60 anailísí.
Oibríonn HIQA i gcomhar le páirtithe leasmhara ardleibhéil, le grúpaí acadúla agus le gníomhaireachtaí HTA ó thíortha eile chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Áirítear le raon feidhme obair Stiúrthóireacht HTA sintéis fianaise agus comhairle fhianaisebhunaithe a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi bheartas sláinte poiblí, agus HTAnna a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht maidir le hinfheistiú nó dí-infheistiú a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus cláir shláinte, lena n-áirítear cinntí a bhaineann le cláir náisiúnta scagthástála agus cláir náisiúnta imdhíonachta. Beidh an Leas-Stiúrthóir rannpháirteach go gníomhach in obair Stiúrthóireacht HTA agus HIQA chun an plean gnó bliantúil a chur i gcrích i gcomhréir leis na cuspóirí straitéiseacha a leagtar amach i bPlean Corparáideach HIQA.
Riachtanach:
- Cáilíocht iarchéime (Máistreacht, PhD) i ndisciplín ábhartha amhail taighde ar sheirbhísí sláinte, eacnamaíocht sláinte, staitisticí nó matamaitic (nó in eolaíocht a bhaineann le sláinte lena ngabhann cion ard taighde ar sheirbhísí sláinte)
agus
- taithí deich mbliana ar a laghad ar thaighde ábhartha ar sheirbhísí sláinte.
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- 30 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoina 5:00pm Dé Luain, 22 Meitheamh 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#IJAdvantage