Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann. Táimid ag tabhairt faoi straitéis bhunathraitheach cúig bliana atá uaillmhianach agus spreagúil chun an chaoi a reáchtáilimid an eagraíocht a thabhairt cothrom le dáta. Is é an misean atá againn ná go mbeimid inár bhfoinse neamhspleách scéalta, nuachta, eolais agus siamsaíochta d'Éirinn, a léiríonn ilchineálacht a muintire agus a chuireann eispéiris ar fáil a shaibhríonn saol gach duine.
Spreagann an cuspóir seo muid chun na caighdeáin is airde a bhaint amach i dtimpeallacht atá comhoibritheach, tacúil agus rannpháirteach. Tá sé ríthábhachtach na daoine cumasacha is fearr a mhealladh agus a choinneáil chun ábhar a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Teastaíonn uainn go mbeadh an fhoireann atá againn faoi bhláth i dtimpeallacht ina bhfuil meas ar a gcuid oibre.
Cuir aithne ar an bhfoireann
Tacaíonn an fhoireann seo le hoibríochtaí RTÉ ar fud gach ardán craolacháin, na hardáin dhigiteacha agus na cainéil líneacha teilifíse ina measc.
Tá ár gcuid innealtóirí lonnaithe ar fud na tíre, ó Phort Láirge siar go Ciarraí agus ó thuaidh go Leitir Ceanainn. Tá réimse leathan freagrachtaí ar an bhfoireann seo, ag cur tacaíochta agus cothabhála ar fáil d’áiseanna, i mbun pleanála agus innealtóireachta do Chraoltaí Seachtracha, ag cur tacaíochta ar fáil do chórais agus ag cur na gcóras sin i bhfeidhm, tacaíocht stiúideo agus oibriú an tSeomra Stiúrtha. Tugann an fhoireann seo tacaíocht d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) i gCasla, Co. na Gaillimhe, i mBaile na nGall, Co. Chiarraí, agus i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall. Is cuid lárnach den oibríocht iad Craoltaí Seachtracha do RnaG. Tá innealtóirí againn atá lonnaithe i Luimneach, a bhfuil RTÉ lyric fm faoina gcúram, i gCorcaigh, a bhfuil RTÉ Corcaigh faoina gcúram agus i mBaile na hAbhann, a bhfuil Nuacht RTÉ le TG4 kfaoina gcúram. Tá innealtóirí againn freisin atá lonnaithe in RTÉ Port Láirge agus in oifigí RTÉ i gCathair na Gaillimhe.
Eolas faoin ról-
Is deis é seo chun bheith ag obair ar fhoireann bheag dhinimiciúil ildisciplíneach atá lonnaithe i gceantar Chonamara a bhíonn ag cur tacaíochta ar fáil do chórais chraolacháin laistigh d’Oibríochtaí Réigiúnacha RTÉ agus á gcur i bhfeidhm. Beifear ag obair in RTÉ RnaG Casla ar dtús, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ort a bheith ag obair le RTÉ Nuacht le TG4 i mBaile na hAbhann freisin.
D’fhéadfadh na dualgais seo a leanas a bheith i gceist:
-
Oibríochtaí sa seomra stiúrtha
-
Tacaíocht leis an Chóras Craolacháin
-
Tacaíocht sa Stiúideo
-
Tacaíocht leis an gCóras TF
-
Tacaíocht leis an gcóras IP-bhunaithe
-
Ós rud é gur timpeallacht iloilte í seo, d’fhéadfaí deis a thabhairt don iarrthóir a n-éireodh leis/léi scileanna nua a fhorbairt i ngnéithe éagsúla den ghnó amhail eagarthóireacht fuaime, cothabháil córas craolacháin, oibríochtaí fuaime, tacaíocht don chóras TF & IP, innealtóireacht do Chraoltaí Seachtracha
-
Ag tuairisciú don Mhaoirseoir Réigiúnach, beidh tú i do bhall d’fhoireann iloilte atá freagrach as tacú le hOibríochtaí Réigiúnacha RTÉ
Eolas fút féin
Beidh eolas mór agat ar oibríochtaí craolacháin ó thaobh na hinnealtóireachta agus na hoibríochta de araon, agus taithí chruthaithe agat i bpéire ar a laghad de na réimsí seo a leanas:
-
Oibríochtaí Fuaime
-
Cothabháil Trealaimh Craolacháin
-
Tacaíocht TF
-
Cothabháil Theicniúil Ghinearálta
-
Córais Fuaime agus Físe IP-Bhunaithe
-
Oibríochtaí an tSeomra Stiúrtha
Tá láncheadúnas tiomána ag teastáil - Catagóir B.
Is i dtimpeallacht arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a bheidh an ról seo lonnaithe, agus dá bhrí sin, breithneofar líofacht sa Ghaeilge, scríofa agus labhartha araon, a bheith ina bhuntáiste ar leith.
An Chaoi le hIarratas a Dhéanamh
Má tá suim agat sa deis seo, cuir isteach an méid seo a leanas mar aon doiciméad comhcheangailte amháin mar chuid den phróiseas iarratais ar líne:
-
Do CV
-
Alt nach mó ná 300 focal ina gcuireann tú tú féin in aithne dúinn agus ina dtugann tú achoimre ar an gcaoi a oireann tú do riachtanais an róil seo
Déanfar an ceapachán seo ag Grád an Innealtóra Léirithe Réigiúnaigh bunaithe ar chonradh buan. Is €42,854 go €71,605 comhlán sa bhliain an scála tuarastail don ghrád seo.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais:
25 Lúnasa 2026
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.
Tá an Éagsúlacht agus an tIonchuimsiú i gcroílár gach rud a dhéanaimid - bíodh sin ar an aer nó sa chúlra. Táimid tiomanta do thimpeallacht níos ionchuimsithí a fhorbairt agus dul i ngleic le tearcionadaíocht agus an t-ionchuimsiú a leabú i ngach céim d’aistear an fhostaí ag an am céanna.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu, beag beann ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.
Ba mhaith linn aon socrú réasúnta a bheadh ag teastáil ó fhostaithe ionchasacha agus ó fhostaithe reatha atá faoi mhíchumas de chineál ar bith a dhéanamh dóibh. Má theastaíonn uait go ndéanfaimis socrú duit i gcomhair d’agallaimh, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn nuair a dhéanann tú iarratas.
RTÉ is Ireland's national public-service media organisation. We are embarking upon an ambitious and exciting 5-year transformation strategy to update the way we run the organisation. Our mission is to serve as an independent source of stories, news, information and entertainment for Ireland, reflecting the diversity of its people and providing experiences that enrich the lives of all.
This sense of purpose motivates us to deliver to the highest standards in an environment that is collaborative, supportive and engaging. Attracting and retaining the best talent is key in delivering to our audiences. We want our people to thrive in an environment that values their output.
Meet the team
This team supports RTÉ operations across all broadcast platforms from digital platforms, to linear television. We have engineers based all over the country, from Waterford, across to Kerry and up to Letterkenny. The role of our team is wide and varied, dealing with facility support and maintenance, Outside Broadcast planning and engineering, systems support and implementation, studio support and Control Room operation. The team supports RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) in Casla Co. Galway, Ballydavid Co.Kerry, and Derrybeg Co. Donegal. Outside Broadcasts for RnaG form a large part of the operation. We have engineers based in Limerick, looking after RTÉ lyric fm, in Cork looking after RTÉ Cork and in Baile na hAbhann looking after RTÉ Nuacht le TG4. We also have engineers based in RTÉ Waterford and Galway city offices.
About the role-
This is an opportunity to join a small dynamic multi-disciplined team involved in both the support and operation of broadcast systems within RTÉ Regional Operations based in the Conamara area initially working in RTÉ RnaG Casla, but with a liabaility to also work across RTÉ Nuacht in Baile na hAbhann.
The duties may include:
-
Control room operations
-
Broadcast System support
-
Studio Support
-
IT System support
-
IP-based System support.
-
As this is a multi-skilled environment the successful candidate may be given the opportunity to upskill in various aspects of the business such as audio editing, broadcast systems maintenance, sound operations, IT & IP system support, Outside Broadcast engineering
-
Reporting to the Regional Supervisor, you will be part of a multi-skilled team responsible for supporting RTÉ’s Regional Operations
About you
You will have a strong knowledge of broadcast operations from both an engineering and operational perspective, with proven experience in at least two of the following areas:
-
Sound Operations
-
Broadcast Equipment Maintenance
-
IT Support
-
General Technical Maintenance
-
Audio and Video IP-Based Systems
-
Control Room Operations
A full driving licence is required - Category B.
As this role involves working in an environment where Irish is the primary language, fluency in Irish both spoken and written word will be considered a distinct advantage.
How to Apply
If you are interested in this opportunity, please submit the below as one combined document in the on-line application process:
-
Your CV
-
An introduction paragraph of no more than 300 words outlining where/how you match the requirements of this role
This appointment will be made at the Regional Production Engineer Grade on a permanent contract basis. The salary scale for this grade is from €42,854 to €71,605 gross per annum.
Closing date for receipt of applications is:
25 August 2026.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge. Applications are welcome from people who have a positive outlook to Irish.
Diversity and Inclusion are at the heart of what we do – both on-air and behind the scenes. We are committed to building a more inclusive environment and tackling under-representation while embedding inclusion at every stage of the employee journey.
We welcome applications from people with diverse backgrounds, without regard to gender, sexual orientation, gender identity, age, social experience, race and ethnicity, disability, civil and family status, religious belief and membership of the Traveller Community.
We are eager to provide reasonable accommodations for potential and existing employees with any kind of disability. Should you wish to request an accommodation for your interview, we encourage you to let us know when you apply.