Research Officer - Health Information and Standards
Location: Dublin, Cork or Galway
Grade: Engineer Grade III
Tenure: 1 x immediate permanent vacancy, 1 x immediate fixed term vacancy
Additionally, HIQA may create a panel for future permanent and fixed term vacancies that may arise.
HIQA exists to improve health and social care services for the people of Ireland. HIQA’s role is to develop standards, inspect and review health and social care services and support informed decisions on how services are delivered. The Health Information and Standards (HIS) Directorate has five teams. As vacancies arise, the successful candidates will join one of the following teams:
- Governance, Research and Strategy: drives quality and consistency in governance, strategy and research related activity across the HIS Directorate.
- National Care Experience Programme: conducts national programmes of engagement across a range of health services, in conjunction with the Department of Health, Mental Health Commission and the HSE.
- Health Information Quality and Assurance: advises on the efficient and secure collection and sharing of health information, assessing compliance against national standards for national data collection and ehealth services, and evaluating information resources to support health and social care services in Ireland.
- Health Information Standards: sets national standards and develops frameworks and guidance to support the exchange of health and social care information.
- National Standards for health and social care services: develops person-centred standards and guidance, based on evidence and international best practice, for health and social care services.
The research officer will work in a team environment to deliver projects. Examples of projects include national standards, implementing a national engagement project and developing national guidance. This is a varied and interesting role, encompassing research, stakeholder engagement, administration, operations and coordination of team activities.
Essential:
- Degree qualification (minimum of Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in health or social care-related areas, health services management, a health-related science with a high content in health services research, or a discipline deemed relevant to the role by the Authority
and
- A minimum of 12 months relevant post-graduate work experience in the following areas: (note: work conducted as part-fulfilment of an academic award at degree or masters level should not be included here).
- Practical experience in undertaking research, for example, literature reviews, scoping reviews, systematic reviews or collection or analysis of survey data, (e.g. for public consultations or interrogation of findings from focus groups, interviews or other methods.)
- Demonstrable experience in writing, reviewing, editing and proofing documents and reports for a variety of audiences.
Benefits of working at HIQA:
- Permanent position
- 25 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 07th September 2026. Only web applications fully completed will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.
Oifigeach Taighde - Faisnéis agus Caighdeáin Sláinte
Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
Grád: Innealtóir Grád III
Tionacht: 1 x folúntas buan láithreach, 1 × folúntas láithreach ar théarma seasta
Ina theannta sin, féadfaidh HIQA painéal a chruthú le haghaidh folúntais bhuana agus folúntais ar théarma seasta a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.
Tá HIQA ann chun feabhas a chur ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta do mhuintir na hÉireann. Is é ról HIQA caighdeáin a fhorbairt, seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a chigireacht agus a athbhreithniú, agus tacú le cinntí eolasacha maidir leis an gcaoi a gcuirtear seirbhísí ar fáil. Tá cúig fhoireann sa Stiúrthóireacht um Fhaisnéis agus Caighdeáin Sláinte (HIS). De réir mar a thagann folúntais chun cinn, oibreoidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo i gceann de na foirne seo a leanas:
- Rialachas, Taighde agus Straitéis: cuireann an fhoireann cáilíocht agus comhsheasmhacht chun cinn i ngníomhaíochtaí a bhaineann le rialachas, straitéis agus taighde ar fud na Stiúrthóireachta um Fhaisnéis agus Caighdeáin Sláinte.
- An Clár Náisiúnta um Eispéiris Chúraim: reáchtálann sé cláir náisiúnta rannpháirtíochta i réimse seirbhísí sláinte, i gcomhar leis an Roinn Sláinte, leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus le FSS.
- Cáilíocht agus Dearbhú Faisnéise Sláinte: tugann an fhoireann comhairle maidir le faisnéis sláinte a bhailiú agus a chomhroinnt ar bhealach éifeachtúil slán, déanann sí measúnú ar chomhlíonadh na gcaighdeán náisiúnta i mbailiúcháin náisiúnta sonraí agus i seirbhísí sláinte, agus déanann sí acmhainní faisnéise a mheas chun tacú le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn.
- Caighdeáin Faisnéise Sláinte: leagann an fhoireann caighdeáin náisiúnta síos agus forbraíonn sí creataí agus treoir chun tacú le malartú faisnéise sláinte agus cúraim shóisialta.
- Caighdeáin Náisiúnta do sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta: forbraíonn an fhoireann caighdeáin agus treoir atá dírithe ar an duine, bunaithe ar fhianaise agus ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, do sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta.
Oibreoidh an tOifigeach Taighde mar chuid d’fhoireann chun tionscadail a chur i gcrích. I measc samplaí de thionscadail tá caighdeáin náisiúnta, tionscadal náisiúnta rannpháirtíochta a chur chun feidhme agus treoir náisiúnta a fhorbairt. Is ról éagsúil spéisiúil é seo, lena gcuimsítear taighde, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, riarachán, oibríochtaí agus comhordú ar ghníomhaíochtaí na foirne.
Riachtanach:
- Cáilíocht céime (Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i réimsí a bhaineann leis an tsláinte nó leis an gcúram sóisialta, i mbainistíocht seirbhísí sláinte, in eolaíocht a bhaineann leis an tsláinte ina bhfuil cuid mhór den ábhar dírithe ar thaighde seirbhísí sláinte, nó i ndisciplín a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don ról
agus
- 12 mhí ar a laghad de thaithí oibre ábhartha iarchéime sna réimsí seo a leanas: (tabhair faoi deara: níor cheart obair a rinneadh mar chuid de riachtanais dámhachtana acadúla ar leibhéal céime nó máistreachta a chur san áireamh anseo).
- Taithí phraiticiúil ar thaighde a dhéanamh, mar shampla, athbhreithnithe litríochta, athbhreithnithe scóipe, athbhreithnithe córasacha, nó sonraí suirbhé a bhailiú nó a anailísiú (m.sh. le haghaidh comhairliúcháin phoiblí nó chun mionscrúdú a dhéanamh ar thorthaí ó ghrúpaí fócais, agallaimh nó modhanna eile.)
- Taithí ar dhoiciméid agus ar thuarascálacha a scríobh agus a athbhreithniú agus ar eagarthóireacht agus profáil a dhéanamh orthu do spriocghrúpaí éagsúla.
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- Post buan
- 25 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00 i.n. Dé Luain, an 7 Meán Fómhair 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#IJAdvantage