Táimid i gcroílár aistriú fuinnimh na hÉireann - ag nascadh, ag oibriú agus ag claochlú na heangaí leictreachais chun tacú le todhchaí ísealcharbóin, in-athnuaite.
Táimid ag tógáil foirne cumasacha a théann i ngleic le dúshláin fíorshaoil gach lá, foirne a chuidíonn linn ár sprioc a bhaint amach chun an eangach a ullmhú chun suas le 80% de leictreachas na hÉireann a iompar ó fhoinsí in-athnuaite.
Táimid bródúil as a bheith deimhnithe mar Áit Iontach le Bheith ag Obair, aitheanta as ár gcultúr atá bunaithe ar mhuinín, comhoibriú agus cuimsiú. Ag EirGrid tiocfaidh tú ar fhoirne tacúla, deiseanna fáis agus obair fhiúntach. Cuirimid fostaíocht sheasmhach ar fáil chomh maith le raon polasaithe oibre solúbtha agus polasaithe a thacaíonn le teaghlaigh chun tacú le do shaol agus le d’fholláine. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí atá ar fáil ag EirGrid duit, tabhair cuairt ar Life at EirGrid.
Más mian leat tionchar a imirt agus do ghairm bheatha a fhorbairt in eagraíocht atá dírithe ar chuspóirí, tosaíonn d’aistear anseo.
An Deis
Tá Saotharlann IS EirGrid ag cur dlús lena Clár Claochlaithe agus tá Eolaí Sinsearach Sonraí á lorg aici. Beidh an t-iarrthóir rathúil ina bhall den fhoireann a sholáthraíonn anailísíocht chasta agus réitigh IS a thacaíonn leis an gCóras Cumhachta agus leis an margadh mórdhíola Fuinnimh in Éirinn. Cuideoidh an t-iarrthóir rathúil le treo disciplín na Saotharlainne IS laistigh d’EirGrid amach anseo a mhúnlú trí réitigh IS a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil lena dtacófar le riachtanais straitéiseacha na bpáirtithe leasmhara ar fud an tionscail.
Príomhfhreagrachtaí
- Oibriú go dlúth le foirne trasfheidhmiúla chun réitigh forbartha IS a stiúradh lena réitítear dúshláin chasta ghnó.
- Píblínte agus bonneagar IS agus meaisínfhoghlama a dhearadh agus a thógáil.
- Saineolas agus treoir theicniúil intleachta saorga atá soiléir agus iontaofa a chur ar fáil, rud a chothóidh caidreamh iontaofa le páirtithe leasmhara.
- Meastóireacht a dhéanamh ar theicnící intleachta saorga atá ag teacht chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar a n-infheidhmeacht maidir le hoibríochtaí eangaí agus próisis mhargaidh.
- Cur le forbairt na gcleachtas agus na n-uirlisí forbartha inmheánaí.
- Meantóireacht agus forbairt a dhéanamh maidir le baill foirne shóisearacha, treoir theicniúil a leagan síos agus a bheith freagrach as torthaí seachadta.
Comhoibriú i rannpháirtíochtaí teicniúla le hAiltireacht TF, Slándáil Fiontraíochta, páirtithe leasmhara tionscail, díoltóirí bogearraí, tomhaltóirí sonraí etc.
-
Maidir leatsa-
Taithí shuntasach ar obair mar Eolaí Sonraí nó i ról comhchosúil a bhain le forbairt agus cur chun feidhme réiteach IS, 7 mbliana nó níos mó de ghnáth. Go hidéalach i dtimpeallachtaí tapa agus dian ó thaobh sonraí de.
- A bheith inniúil ar anailís staidrimh agus thaiscéalaíoch sonraí, ar mhianadóireacht sonraí, agus ar theicnící meaisínfhoghlama.
- Taithí ag obair le hardáin néalríomhaireachta, Azure más féidir. Bheadh sé ina bhuntáiste a bheith inniúil ar uirlisí Ardáin Fabraic agus Chumhachta a úsáid.
- Taithí le teangacha ríomhchlárúcháin mar Python, R, agus SQL.
- A bheith inniúil ar obair a dhéanamh le Samhlacha Teanga Móra (OpenAI, Anthropic, etc.) le mionchoigeartú agus cleachtais innealtóireachta leide.
- Taithí ar mheantóireacht a dhéanamh ar bhaill foirne shóisearacha agus ar cheannaireacht theicniúil a sholáthar, agus an cumas meithleacha beaga a threorú chun torthaí a sheachadadh agus forbairt scileanna a chur chun cinn ar fud na foirne ag an am céanna.
- Scileanna láidre chun fadhbanna a réiteach, lena léirítear tuiscint ar idirthuilleamaíochtaí ar fud tírdhreach casta feidhmchláir.
- A bheith in inmhe obair a dhéanamh go neamhspleách agus go comhoibritheach mar chuid d'fhoireann.
- Scileanna láidre cumarsáide agus an cumas dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara teicniúla agus neamhtheicniúla araon.
Dáta deiridh d’iarratais
22/05/2026
Tabhair faoi deara go bhfaighimid líon mór iarratas, agus d’fhéadfadh ár n-am freagartha a bheith éagsúil toisc go ndéantar athbhreithniú cúramach ar gach iarratas. Má aontaíonn tú go mbreithneofar thú le haghaidh róil eile, d’fhéadfadh moill a bheith ar an bhfreagra a fhaigheann tú agus muid ag iarraidh a fháil amach cén ról is fearr a oireann don taithí atá agat. Is mór againn do chuid foighne.
We are at the heart of Ireland’s energy transition - connecting, operating and transforming the electricity grid to support a low carbon, renewable future.
We are building talented teams that tackle real world challenges every day and help us to achieve our goal to prepare the grid to carry up to 80% of Ireland’s electricity from renewable sources.
We are proud to be a certified Great Place to Work, recognised for our culture built on trust, collaboration and inclusion. At EirGrid you will find supportive teams, opportunities to grow and meaningful work. We also offer secure employment with a range of flexible and family friendly working policies to support your life and wellbeing. If you want to know more about what EirGrid has to offer you, visit Life at EirGrid.
If you are ready to make an impact and grow your career in a purpose-led organisation, your journey starts here.
The Opportunity
EirGrid’s AI Lab is accelerating its Transformation Programme and is looking for a Senior Data Scientist. The successful candidate will be a member of the team delivering complex analytics and AI solutions that support both the Power System and wholesale Energy market in Ireland. The successful candidate will contribute to shaping the future direction of the AI Lab discipline within EirGrid through the design, development and maintenance of AI solutions supporting the strategic needs of stakeholder’s industry wide.
Key Responsibilities
- Work closely with cross-functional teams to lead the development AI solutions that solve complex business challenges.
- Design and build AI and machine learning pipelines and infrastructure.
- Provide clear and reliable AI technical expertise and guidance, building trusting stakeholder relationships.
- Evaluate emerging AI techniques and assess their applicability to grid operations and market processes.
- Contribute to the evolution of internal development practices and tools.
- Mentoring and development of junior team members, setting technical direction and being accountable for delivery outcomes.
Collaborate in technical engagements with IT Architecture, Enterprise Security, industry stakeholders, software vendors, data consumers etc.
-
About You-
Significant experience in Data Scientist or similar role involving AI solution development and implementation, typically 7 years or more. Ideally in fast paced and data-intensive environments. Proficiency in statistical and exploratory data analysis, data mining, and machine learning techniques.
- Experience working with cloud platforms, preferably Azure. Proficiency with Fabric and Power Platform tools is advantageous.
- Experience with programming languages such as Python, R, and SQL.
- Proficiency working with Large Language Models (OpenAI, Anthropic, etc.) with fine tuning and prompt engineering practices.
- Experience mentoring junior team members and providing technical leadership, and the ability to lead small pods to deliver outcomes while promoting skills development across the team.
- Strong problem-solving skills, demonstrating an understanding of inter-dependencies across a complex application landscape.
- Able to work independently and collaboratively as part of a team.
Strong communication skills with the ability to engage with both technical and non-technical stakeholders.
-
Closing date for applications
25/06/2026
Please note we receive a high volume of applications, and as every application is carefully reviewed our response time may vary. If you agree to be considered for other roles this may result in a delayed response as we establish the best fit for your experience. We appreciate your patience.
Cuirimid an luach céanna ar acmhainneacht is a chuirimid ar thaithí.
Má chreideann tú gur féidir leat rath a bhaint amach sa ról seo, molaimid duit iarratas a dhéanamh, fiú mura gcomhlíonann tú gach riachtanas.
Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.
We value potential as much as experience
. If you believe you can succeed in this role, we encourage you to apply, even if you don’t meet every requirement.
We're dedicated to diversity and inclusion at EirGrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.