Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta mean cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann. Táimid ag tabhairt faoi straitéis uaillmhianach agus spreagúil 5 bliana a athróidh an eagraíocht ó bhonn. Tá sé i gceist go ndéanfaí athnuachan ar an tslí atá an eagraíocht á riaradh.
Is é ár misean agus ár mian ná go mbeimis inár bhfoinse neamhspleách scéalaíochta, nuachta, faisnéise agus siamsaíochta in Éirinn ag léiriú éagsúlacht na muintire agus ag saibhriú saol an uile dhuine.
Spreagann an sprioc seo sinn chun barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht atá comhoibritheach, tacúil agus comhpháirteach. Tá sé tábhachtach go meallfaí na daoine is cumasaí chun na heagraíochta d’fhonn ábhar inspéise a chruthú don lucht éisteachta agus don lucht féachana.
Tá fonn orainn go mbláthóidh an fhoireann atá again i dtimpeallacht ina mbeidh meas agus luach ar a gcuid oibre.
An fhoireann
Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomh stiúideonna na seirbhíse lonnaithe, agus i gCeannáras Raidió RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath.
Tá folúntas do Reachtaire Rúnaíochta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Co. na Gaillimhe. Chomh maith le sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo.
Eolas faoin ról
Oibríonn an Reachtaire Rúnaíochta i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le cláir raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an Reachtaire Rúnaíochta, beidh:
-
Tacaíocht a thabhairt don fhoireann léiriúcháin, teicneolaíochta, riaracháin agus bainistíochta
- Glaonna, ríomhphoist agus fiosraithe ón bhfoireann agus ón bpobal a láimhseáil go gairmiúil
- Tacaíocht a thabhairt sa stiúideo nó ar chraolta seachtracha nuair a bheidh clár beo nó réamhthaifeadta le déanamh agus fáilte a chur roimh aíonna a bheidh ar na cláracha sin
- Páipéarachas, íocaíochtaí, duaiseanna, sonraí ceoil, oird reatha agus aon obair riaracháin agus oifige a bhaineann le cláir a phróiseáil
Eolas fút féin
Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse agus teastaíonn Gaeilge mhaith scríofa agus labhartha sa ról. Beidh scileanna cumarsáide agus eagrúcháin riachtanach chomh maith le taithí a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann. Beidh solúbthacht agus uaireanta neamh rialto i gceist sa ról, an deireadh seachtaine san áireamh ó am go chéile, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Reachtaire Rúnaíochta taisteal ag brath an an dualgas.
Tá an ról seo á thairiscint ar bhonn conartha lánaimseartha leanúnach ag scála tuarastail Reachtaire Rúnaíochta, idir €34,987 comhlán in aghaidh nab liana agus €52,187 comhlán in aghaidh nab liana, faoi réir scileanna, eolais agus taithí ábhartha.
Ba mhaith linn painéal a chruthú chun folúntais gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn thar an chéad 24 mhí eile.
An bealach le iarratas a dhéanamh:
Más spéis leat an deis seo, cuir an méid seo a leanas in aon doiciméad amháin (i nGaeilge) le do thoil.
-
do CV
- mír réamhrá nach mó ná 300 focal ina leagtar amach cá/conas a chomhlíonann tú riachtanais an roil seo
Is é an
Aoine, 26 Meitheamh 2026, an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú i ngach a ndeinimid- bíodh san ar an aer nó ar chúl stáitse. Tá sé i gceist againn saol níos ionchuimsithí a chruthú, dul i ngleic le heaspa ionadaíochta agus ag an t-ionchuimsiú seo a neadú i ngach céim den aistear a bhíonn ag ár bhfoireann.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, gan aon bheann ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh agus ar bhallraíocht den Lucht Siúil.
Tá fonn orainn aon socrú réasúnta is féidir a dhéanamh d’aon bhall foirne reatha nó ball foirne a d’fhéadfadh a bheith againn feasta a bheadh faoi bhac d’aon tsórt. Más mian leat go ndéanfaí aon socrú ar leith duit don agallamh, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn ar do chaothúlacht.