Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann. Táimid ag tabhairt faoi straitéis bhunathraitheach 5 bliana atá uaillmhianach agus spreagúil chun an chaoi a reáchtáilimid an eagraíocht a thabhairt cothrom le dáta. Is é an misean atá againn ná go mbeimid inár bhfoinse neamhspleách scéalta, nuachta, eolais agus siamsaíochta d'Éirinn, a léiríonn ilchineálacht a muintire agus a chuireann eispéiris ar fáil a shaibhríonn saol gach duine.
Spreagann an cuspóir seo muid chun na caighdeáin is airde a bhaint amach i dtimpeallacht atá comhoibritheach, tacúil agus rannpháirteach. Tá sé ríthábhachtach na daoine cumasacha is fearr a mhealladh agus a choinneáil chun ábhar a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Teastaíonn uainn go mbeadh an fhoireann atá againn faoi bhláth i dtimpeallacht ina bhfuil meas ar a gcuid oibre.
Cuir aithne ar an bhfoireann
Is cuid de rannóg tráchtála RTÉ í foireann imréitigh RTÉ agus cinntíonn sí go gcloíonn gach cumarsáid tráchtála le ceanglais rialála agus le rialacha treorach agus go bhfuil gach cumarsáid a dhéantar dleathach, cuibhiúil, fírinneach agus macánta.
Beidh an té a cheapfar ag tuairisciú don Cheannasaí um Straitéis agus Comhlíontacht Tráchtála.
Eolas faoin ról
- Ábhar fógraíochta scríofa agus fuaime i nGaeilge agus i mBéarla a léirmhíniú agus a aistriú, ag cinntiú go bhfuil an bhrí, an fhormáid agus an ton bunaidh ag teacht le tonúlacht teanga RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Rianta iniúchta soiléire d'imréitigh laethúla de gach teachtaireacht tráchtála a bhainistiú agus a chothabháil trí Thairseach Imréitigh Cóipe RTÉ
- Saincheisteanna dlí, rialála nó cosanta tomhaltóirí (m.sh. cáilitheoirí praghsála, maímh chomparáideacha, fógraíocht do leanaí, rialacha maidir le halcól, maímh maidir le sláinte, agus ábhar fógraíochta) a d’fhéadfadh a bheith i gceist a shainaithint agus a nóta a dhéanamh ina leith
- Mar chuid den fhoireann Imréitigh Cóipe Tráchtála ábhar aistrithe a chur ar fáil atá réidh le húsáid agus a shásaíonn riachtanais inmheánacha RTÉ agus a chuidíonn linn teachtaireachtaí fógraíochta ar ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil dár lucht éisteachta agus féachana
-
Comhordú a dhéanamh leis an bhfoireann Tráchta agus Forfheidhmithe chun a chinntiú go bhfuil an chóip a imréitíodh ag teacht leis an gcóip sna córais chraolta
- Oibriú i gcomhar leis an bhfoireann Imréitigh Cóipe Tráchtála níos leithne lena chinntiú go bhfuil gach cumarsáid tráchtála ag cloí le Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála Choimisiún na Meán agus cóid eile, amhail Cód Caighdeán an ASA don Chumarsáid Fógraíochta agus Margaíochta in Éirinn
-
Aiseolas tráthúil a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí agus do chliaint maidir le cóip fógraíochta a chuirtear isteach
- A fhíorú go bhfuil bunús iomlán le gach maíomh fógraíochta agus go gcomhlíonann siad na cóid agus na rialacháin is infheidhme
Eolas fút
- Líofacht sa Ghaeilge (sa scríobh agus ó bhéal) agus tuiscint ar chleachtais oibre agus ar ghealltanais Raidió na Gaeltachta agus ar na nósanna imeachta imréitigh
- Sárscileanna profála agus ábalta botúin ghramadaí, litrithe agus phoncaíochta a aithint
- Scileanna láidre bainistíochta ama, leis an gcumas aistriúcháin a sheachadadh go cruinn agus go héifeachtúil, ar ghearrfhógra uaireanta
- Beidh buntáiste ag an té a bhfuil taithí aige ar bhogearraí aistriúcháin a úsáid.
- Fíoraird ar mhionsonraí
- Bheadh tuiscint ar rialacháin fógraíochta agus ar cheanglais chomhlíontachta ina buntáiste
- Muinín as déileáil le gníomhaireachtaí agus cliaint sheachtracha
- Sárscileanna Cumarsáide
An chaoi le hiarratas a dhéanamh
Má tá suim agat sa deis seo, cuir isteach an méid seo a leanas mar aon doiciméad comhcheangailte amháin:
-
Do CV
- Alt nach mó ná 300 focal ina gcuireann tú tú féin in aithne dúinn agus ina dtugann tú achoimre ar an gcaoi a oireann tú do riachtanais an róil seo
Déanfar an ceapachán seo ag grád tuarastail Cúntóir Díolacháin na Meán 1 agus tá sé á thairiscint ar bhonn conartha 3 bliana ar théarma seasta. Is €34,060 go €45,917 comhlán sa bhliain an scála tuarastail don ghrád seo.
Is é Dé Máirt, 11 Lúnasa 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.
Tá an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú i gcroílár gach rud a dhéanaimid - bíodh sin ar an aer nó sa chúlra. Táimid tiomanta do thimpeallacht níos ionchuimsithí a fhorbairt agus dul i ngleic le tearcionadaíocht agus an t-ionchuimsiú a leabú i ngach céim d’aistear an fhostaí ag an am céanna.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu, gan aird a thabhairt ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.
Ba mhaith linn aon socrú réasúnta a bheadh ag teastáil ó fhostaithe ionchasacha agus ó fhostaithe reatha atá faoi mhíchumas de chineál ar bith a dhéanamh dóibh. Má theastaíonn uait go ndéanfaimis socrú duit i gcomhair d’agallaimh, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn nuair a dhéanann tú iarratas.
Irish Copy Clearance Coordinator
RTÉ is Ireland's national public-service media organisation. We are embarking upon an ambitious and exciting 5-year transformation strategy to update the way we run the organisation. Our mission is to serve as an independent source of stories, news, information and entertainment for Ireland, reflecting the diversity of its people and providing experiences that enrich the lives of all.
This sense of purpose motivates us to deliver to the highest standards in an environment that is collaborative, supportive and engaging. Attracting and retaining the best talent is key in delivering to our audiences. We want our people to thrive in an environment that values their output.
Meet the team
The RTÉ clearance team is part of the RTÉ commercial division and ensures that all commercial communications adhere to regulatory requirements and guidance rules and that communications are legal, decent, truthful and honest.
Reporting to the Head of Strategy & Commercial Compliance.
About the role
- Interpret and translate written and audio advertising content in the Irish and English language ensuring original meaning, format, and tone matches the language tonality of RTÉ Radió na Gaeltacht
- Manage and maintain clear audit trails of day-to-day clearances of all commercial messages through the RTÉ Copy Clearance Portal
- Identify and flag potential legal, regulatory, or consumer protection issues (e.g., pricing qualifiers, comparative claims, children’s advertising, alcohol rules, health claims, and promotional content)
- As part of the Commercial Copy Clearance team, provide ready-to-use translated content that meets RTÉ internal requirements and helps maintain high standards of advertising messages in Irish to our audiences
- Coordinate with Traffic and the Implementation team to ensure that the copy cleared matches the copy in the broadcast systems
- Work collaboratively with the broader Commercial Copy Clearance team to ensure that all commercial communications, adhere to the Coimisúin na Meán General Commercial Communications Code and other codes, Such as ASA Code of Standards for Advertising and Marketing Communications in Ireland
-
Provide timely feedback to agencies and clients with respect to advertising copy submitted
- Verify that all advertising claims are fully substantiated and compliant with applicable codes and regulations
About you
- Fluency in Irish (both written and spoken) with an understanding of the working practices and commitments of Raidió na Gaeltachta and clearance procedures
- Excellent proofreading skills with the ability to identify grammar, spelling, and punctuation errors
- Strong time-management skills, with the ability to delivery translations accurately and efficiently, sometimes at short notice
- Experience in translation and the use of translation software is an advantage
- Exceptional attention to detail
- An understanding of advertising regulations and compliance requirements would be advantageous
- Confidence in dealing with external agencies and clients
- Excellent Communication Skills
How to Apply
If you are interested in this opportunity, please submit the below as one combined document:
- Your CV
- An introduction paragraph of no more than 300 words outlining where/how you match the requirements of this role
This appointment will be made at the Media Sales Assistant 1 salary grade and is being offered on a 3-year fixed term full-time contract basis. The salary scale for this grade is from €34,060 to €45,917 gross per annum.
Closing date for receipt of applications is: Tuesday, 11th August 2026.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge. Applications are welcome from people who have a positive outlook to Irish.
Diversity and Inclusion are at the heart of what we do – both on-air and behind the scenes. We are committed to building a more inclusive environment and tackling under-representation while embedding inclusion at every stage of the employee journey.
We welcome applications from people with diverse backgrounds, without regard to gender, sexual orientation, gender identity, age, social experience, race and ethnicity, disability, civil and family status, religious belief and membership of the Traveller Community.
We are eager to provide reasonable accommodations for potential and existing employees with any kind of disability. Should you wish to request an accommodation for your interview, we encourage you to let us know when you apply.